Cén fáth ar shocraigh Tionscadal Tor an brabhsálaí seo a fhorbairt do Mullvad VPN?
Forbraíodh Mullvad Browser d’úsáideoirí idirlín ar mian leo brabhsálaí a úsáid a dhíríonn ar phríobháideachas — a bhfuil cosaintí cosúil leo siúd atá ag Tor Browser aige — gan a bheith ceangailte le Líonra Tor.
Cuireann an comhoibriú teicniúil seo le misean Tor: tuilleadh roghanna saor in aisce maidir le príobháideachas a chur ar fáil do níos mó daoine agus iad ag brabhsáil an ghréasáin. Chuir sé ar ár gcumas aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhain le seanchód i Tor Browser, agus cheadaigh sé acmhainní tiomnaithe a leithdháileadh chun feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh a théann chun sochair d’úsáideoirí Tor. Le cúpla bliain anuas, sheol Tionscadal Tor roinnt tionscnamh chun glacadh lenár dteicneolaíochtaí a mhéadú agus rinne siad feabhsuithe suntasacha ar inúsáidteacht ár dtáirgí féin.